Altan

Altan - Caide Sin Don Te SinA lyrics

rate me

<b>Caide Sin Don Té Sin?</b> by <i>Altan</i><br />Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó

Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir

Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim 'na choilleadh chraobhaigh 'cruinniú sméara nó cnó

A baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó

Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt

Chuig aonaigh nó rásaí, 's gach cruinniú den tseoirt

Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh

Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór

Ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó

Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir

Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór

Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Get this song at:  amazon.com  sheetmusicplus.com

Share your thoughts

0 Comments found